Do Phádraigín
Tá an bhialann ‘Iasc Uí Fhiannachta,’ ar dheis ag bun Shráid an Doirín Íochtarach.
Tá iarsmaí a bhaineann le Tiarnaí Fionntrá ansiúd agus nithe a bhaineann le ré órga thionscail an éisc leasaithe sa Daingean nuair a bhí na céadta bairillí éisc á seoladh thar lear ó Ché an Daingin nó sa traen ó Bhun Calaidh.
Tá ar fáil anseo togha agus rogha an éisc ó sna farraigi is saibhre iasc agus is glaine uisce ar domhan.
Tá leis mairteoil dexter ó chliathán Chnoc Bréanainn chomh maith le mairteoil bhlasta eile ó ithir orgánach an Pheaideac agus uanfheoil ó fhraoch Thóin a’ Mháis.
Tá báidín gleoite seoil os cionn chuntar na dí, ‘An Ceann Tinn,’ ag tabhairt dea-chomhairle dúinn.
Tar agus tiocfair ar ais.
Beannacht, Pádraig Ó Fiannachta.